search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: '   gan' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index    gan:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    RÍOMH-SHAINAITHEANTAS

    CAIBIDIL III
    SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE

    ROINN 1
    Forálacha ginearálta

    ROINN 2
    Maoirseacht

    ROINN 3
    Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

    ROINN 4
    Ríomhshínithe

    ROINN 5
    Ríomhshéalaí

    ROINN 6
    Ríomhstampaí ama

    ROINN 7
    Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe

    ROINN 8
    Fíordheimhniú láithreán gréasáin

    CAIBIDIL IV
    RÍOMHDHOICIMÉID

    CAIBIDIL V
    TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

    CAIBIDL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas    gan:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 236

 

Airteagal 5

Próiseáil agus cosaint sonraí

1.   Déanfar próiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir le Treoir 95/46/CE.

2.   gan dochar don éifeacht dhlíthiúil a thugtar d’ainmneacha bréige faoin dlí náisiúnta, ní cheadófar ainmneacha bréige a úsáid in idirbhearta leictreonacha.

CAIBIDIL II

RÍOMH-SHAINAITHEANTAS

Airteagal 13

Dliteanas agus dualgas cruthúnais

1.   gan dochar do mhír 2, beidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéanfar d’aonghnó nó go faillíoch d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach de thoradh gan cloí leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo.

Is ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a mhaífidh an damáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheidh an dualgas intinn nó faillí sholáthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe a chruthú.

Toimhdeofar intinn nó faillí sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe mura gcruthóidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe gur tharla an damáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan intinn ná faillí an tsoláthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin.

2.   I gcás ina gcuirfidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe a gcustaiméirí ar an eolas go cuí roimh ré maidir leis na srianta ar úsáid na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil agus más rud é go mbeidh na srianta sin so-aitheanta do thríú páirtithe, ní bheidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe faoi dhliteanas as damáistí a eascróidh ó úsáid na seirbhísí a théann thar na srianta atá curtha in iúl.

3.   Cuirfear mír 1 agus mír 2 i bhfeidhm i gcomhréir le rialacha náisiúnta maidir le dliteanas.

Airteagal 20

Maoirseacht ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Déanfaidh comhlacht measúnaithe comhréireachta iniúchadh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, ar a laghad gach 24 mhí, ar a gcostas féin. Is é an cuspóir a bheidh ag an iniúchadh dearbhú go ndéanann na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus go ndéantar leis na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad, na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Déanfaidh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe an tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a thagann as sin a thíolacadh do chomhlacht maoirseachta laistigh den tréimhse thrí lá oibre tar éis dóibh í a fháil.

2.   gan dochar do mhír 1, féadfaidh an comhlacht maoirseachta iniúchadh a dhéanamh ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó a iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh orthu, ar chostas na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe sin tráth ar bith le dearbhú go bhfuil siad féin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil ag comhlíonadh na gceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina ndealróidh sé go bhfuil sárú ann ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, cuirfidh an comhlacht maoirseachta torthaí a iniúchtaí in iúl do na húdaráis cosanta sonraí.

3.   I gcás ina gcuirfidh an comhlacht maoirseachta de cheangal ar an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe réiteach a dhéanamh ar an mainneachtain na ceanglais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus i gcás nach ngníomhóidh an soláthraí dá réir sin, agus más infheidhme taobh istigh de theorainn ama a leagfaidh an comhlacht maoirseachta síos, féadfaidh an comhlacht maoirseachta, agus aird á tabhairt ar mhéid, ar ré agus ar iarmhairtí na mainneachtana sin, stádas cáilithe an tsoláthraithe sin nó na seirbhíse a sholáthraíonn sé a ndéantar difear di a aistarraingt agus an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas chun go ndéanfar na liostaí iontaoibhe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt cothrom le dáta. Cuirfidh an comhlacht maoirseachta an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe ar an eolas faoi aistarraingt a stádais cháilithe nó faoi aistarraingt stádas cáilithe na seirbhíse lena mbaineann.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhir thagartha na gcaighdeán seo a leanas a bhunú:

(a)

na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a chreidiúnú agus don tuarascáil measúnaithe creidiúnachta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na rialacha iniúchta faoina ndéanfaidh na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a measúnú comhréireachta ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i mír 1.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 31

Liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bheidh deimhnithe a fhoilsiú

1.   gan mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis chur i gcrích an deimhniúcháin, cuirfidh na Ballstáit faisnéis in iúl don Choimisiún faoi ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, ar gléasanna iad a dheimhneoidh na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1). Gan moill míchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis chur ar ceal an deimhniúcháin, cuirfidh siad faisnéis in iúl don Choimisiún freisin maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe nach mbeidh deimhnithe a thuilleadh.

2.   Ar bhonn na faisnéise a fhaightear, bunóidh, cothabhálfaidh agus foilseoidh an Coimisiún liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bheidh deimhnithe.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta is infheidhme chun críche mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).


whereas









keyboard_arrow_down